Contae na Gaillimhe
Toghcháin Pharlaimint na hEorpa
Toghcháin na nÚdarás Áitiúil
Lá na Vótála Dé hAoine, 7 Meitheamh 2024
TUGAIM FÓGRA LEIS SEO:
- Is é an dáta is déanaí chun Achomhairc a fháil maidir le Clár Toghthóirí Chontae na Gaillimhe roimh Thoghcháin Pharlaimint na hEorpa agus Toghcháin Áitiúla ná Dé Céadaoin, 22 Bealtaine 2024.
- Éistfidh Cláraitheoir Contae Chúirt Chuarda na Gaillimhe le gach Achomharc den sórt sin, ina suí di i dTeach na Cúirte, Cearnóg Theach na Cúirte , Gaillimh, agus ba chóir iad a threorú tríd an bpost nó trí sheachadadh pearsanta chuig an seoladh sin.
- Ní bhreithneoidh an Cláraitheoir Contae aon Achomhairc a gheofar tar éis an dáta deiridh go dtí tar éis Lá na Vótála do na toghcháin thuas.
Arna dhátú an 26 lá seo d’Aibreán 2024.
Arna shíniú: Marian Chambers Higgins
Marian Ní Sheamraic Uí hUiginn
Cláraitheoir Contae
Cúirt Chuarda na Gaillimhe
An tAcht Toghcháin 1992: Sceideal 2, Riail 39
(Curtha isteach ag Alt 106 (j) den Acht um Athchóiriú Toghchán 2022)