Contae na Gaillimhe

Toghcháin Pharlaimint na hEorpa
Toghcháin na nÚdarás Áitiúil
Lá na Vótála Dé hAoine, 7 Meitheamh 2024

TUGAIM FÓGRA LEIS SEO:

  1. Is é an dáta is déanaí chun Achomhairc a fháil maidir le Clár Toghthóirí Chontae na Gaillimhe roimh Thoghcháin Pharlaimint na hEorpa agus Toghcháin Áitiúla ná Dé Céadaoin, 22 Bealtaine 2024.
  2. Éistfidh Cláraitheoir Contae Chúirt Chuarda na Gaillimhe le gach Achomharc den sórt sin, ina suí di i dTeach na Cúirte, Cearnóg Theach na Cúirte , Gaillimh, agus ba chóir iad a threorú tríd an bpost nó trí sheachadadh pearsanta chuig an seoladh sin.
  3. Ní bhreithneoidh an Cláraitheoir Contae aon Achomhairc a gheofar tar éis an dáta deiridh go dtí tar éis Lá na Vótála do na toghcháin thuas.

Arna dhátú an 26 lá seo d’Aibreán 2024.

Arna shíniú: Marian Chambers Higgins
Marian Ní Sheamraic Uí hUiginn
Cláraitheoir Contae
Cúirt Chuarda na Gaillimhe

An tAcht Toghcháin 1992: Sceideal 2, Riail 39
(Curtha isteach ag Alt 106 (j) den Acht um Athchóiriú Toghchán 2022)